Menu Close

Nuair a shocraigh mé carr a cheannach (áisiúil do thurais thaiscéalaíochta faoin tuath), d’fhiafraigh comhghleacaí díom: “An dtiocfaidh tú chun na hoibre sa charr as seo amach?”.  “Seans ar bith!” a d’fhreagair mé ar an toirt: “táim i bhfad róleisciúil”,

Nuair a chonaic mé cuma an mhearbhaill ar a aghaidh, thuig mé go raibh cuma aisteach ar mo fhreagra. Rinne mé machnamh: arbh é sin go beacht a bhí i gceist agam?

Sea, bhí mé róleisciúil le teacht chun na hoibre i gcarr – go háirithe ar laethanta fuara geimhridh…

Bhí mé róleisciúil le mo theach breá teolaí a thréigeadh, chun suí ar shuíochán fuar, i spás cúng tais an chairr,

Róleisciúil le fanacht go dtí go nglanfadh an drúcht ó na fuinneoga (gan trácht ar an diomailt ón ineall a bheith fágtha ag rith),

Róleisciúil le mo lámha a fhuarú ar an roth stiúrtha,

Róleisciúil leis an charr a ionramháil as an gcarrchlós, le preabadh amach chun an cód a iontráil, agus isteach sa charr arís, chun fanacht go n-osclódh an geata,

Róleisicúil le bheith sáinnithe i scuaine anrialta na dtuismitheoirí ag fágáil a bpáistí ag an scoil atá in aice mo bhaile,

Róleisciúil le fanacht ar dheis le mo charr a bhrú amach ar an tsráid róchúng,

Róleisciúil le bheith ag feitheamh ag na soilse tráchta uile, nó leis na veaineanna seachadta go léir a sheachaint,

Róleisciúil le dul ag tóraíocht spáis páirceála (gan cead faighte agam fós an carrchlós foirne a úsáid),

Nuair a shamhlaím an streachailt sin go léir, nach deas liom an turas a dhéanamh ar mo rothar go réidh:

Málaí sa chliabh, miotóga ar mo lámha, clogad ar mo cheann, agus bríste uiscedhíonach más gá,

Beirim an rothar amach an doras liom, sínim mo lámh amach chun an cód a iontráil, amach liom chomh luath is a thosaíonn an geata a bogadh,

Gan aon dua, gabhaim thar scuaine caranna na scoile; sroichim an abhainn, agus abhae liom!

Airím sruth na habhann, éirí na gréine, aer úr na maidine ag cur luisne i mo ghrua,

Cloisim sioscadh na nduilleog, agus glór na mbonn ag casadh ar an gcosán gairbhéal,

Ag tiontú idir na locháin, ag beannú do choisithe na maidne,

Ansin, ceann scríbe sroichte tar éis turas 15 nóiméad, cuirim glas ar an rothar, díreach os comhair m’áit oibre.  Brí agus beocht orm, múscailte ag fuinneamh an turais.

Sea, táim róleisciúil le tiomáint.

Cécile Robin