Réamhrá

Is áit iontach rothaíochta í Gaillimh. Tá radhairc mhara ann agus tá an tír-raon cothrom den chuid is mó agus, ó tharla nach bhfuil sé rómhór, bíonn an chuid is mó turas measartha gearr. Le fírinne, cónaíonn 44% de na hoibrithe, 70% de na mic léinn coláiste agus 56% de na mic léinn meánscoile laistigh d’fhad slí ón obair nó ón ionad oideachais a thógann 25 nóiméad ar a mhéad ar an rothar. Ní hionadh ar bith é gur ag Gaillimh atá an ráta rothaíochta is airde in Éirinn i dtaca le dul ag obair agus dul ar scoil ar rothar. Go deimhin, níl an aimsir chomh holc lena hiomrá – agus is cuma cén cineál aimsire atá ann mar go bhfuil tairbhe le fáil i gcónaí as seal a chaitheamh amuigh faoin aer.

Mar thoradh ar an rothaíocht, maireann daoine níos faide, bíonn siad níos folláine agus bíonn a saol níos taitneamhaí. Feabhsaíonn sí an chothromaíocht, an tsoghluaisteacht, an neart agus an tseasmhacht. Is bealach simplí é chun éirí aclaí agus fanacht aclaí agus tá sí an-éasca ar na hailt. Tugann an rothaíocht neamhspleáchas do dhuine. Is féidir stopadh agus labhairt le duine eile nó treo a athrú gan aon deacracht. Tá coigiltí mhóra le déanamh de bharr na rothaíochta, tá deireadh le tranglaim thráchta agus fadhbanna páirceála (a bheag nó a mhór), agus tagann laghdú ar an strus agus ar an gcrá croí dá barr. Tá an rothaíocht go maith don timpeallacht agus tá sí i bhfad níos sábháilte ná mar a cheapfá – ar choinníoll go bhfuil tú oilte sa rothaíocht agus go mbíonn tú ciallmhar.

Táimid an-bhuíoch de na rannpháirtithe agus de na cúntóirí go léir: na mainicíní, na grianghrafadóirí, na heagarthóirí, na haistritheoirí agus na daoine deonacha. Mar fhocal scoir, is mian linn buíochas a ghabháil le rothaithe. Dá mhéad rothaithe atá ann is amhlaidh is sábháilte a bheidh na bóithre. Is é an rud is mó is féidir linn a dhéanamh i leith sábháilteachta rothaíochta ná rothaíocht a dhéanamh go sábháilte.

Arna ullmhú le tacaíocht airgeadais ó
Smarter Travel Logo

 

 

© 2010 Galway Cycling Campaign
www.galwaycycling.org
facebook.com/GalwayCycling
twitter.com/GalwayCycling
info@galwaycycling.org

Bainisteoir tionscadail:
Justyna Kocjan
justyna@galwaycycling.org

Grianghrafadóireacht:
© Christopher Tierney
www.chrisdidthis.com
christopher.tierney@gmail.com

© Peter Fedrizzi
www.peterfedrizzi.com
fedrizziphotography@gmail.com

Dearadh an lógó:
Alexa Mottram
alexamottram@gmail.com

Simon Fleming
www.simonfleming.ca
contact@simonfleming.ca

Eagarthóireacht an téacs:
Stan Carey
www.stancarey.com
stan@stancarey.com

Aistriú agus eagarthóireacht an téacs Gaeilge:
Gearóid Ó Casaide
Liam Ó hAisibéil


This post is also available in: English