Menu Close

Adé

Adédòtun Adékéyè, as an Nigéir, a bhfuil cónaí air i nGaillimh ó Aibreán 2008

“Tá an-dúil agam sa rothaíocht. Tá an rothaíocht i measc na gcóracha taistil a ligeann duit gluaiseacht faoi luas gan fíneáil a fháil, tig leat páirceáil a dhéanamh gan clampa a fháil ar do rothar agus níl aon cháin bhóthair ná NCT ann ina leith agus níl aon truailliú timpeallachta ann dá bharr. Ní dhéanann na fadhbanna domhanda a dhéanann difear do phraghas an pheitriliam aon difear do do chostais taistil! Is bealach maith é chun aclaíocht a dhéanamh gach lá. Mothaím gurb é an t-am a chaithim ar mo rothar an t-aon am amháin a bhím i m’aonar le fírinne – saor ó bhuairt. Dá bhrí sin, is cuma cén fhadhb atá agat – otracht, brú ard fola, easpa goile, fadhbanna codlata – téigh i gcomhairle le do rothar! Mar sin, is ionann sealanna rothaíochta agus sealanna fíorshaoirse dom. Is breá liom í agus bainim sult as i gcónaí!”


This post is also available in: English