Mais Chriticiúil

Mais Chriticiúil – ócáid mhíosúil rothaíochta i nGaillimh


Is ionann Mais Chriticiúil agus modh gníomhaíochta dírí. Is é atá i gceist leis ná teacht le chéile in ionaid áirithe agus ag am áirithe chun taisteal mar ghrúpa ar rothair trí shráideanna na cathrach nó sa bhaile mór. Is é is cuspóir atá ann ná an rothaíocht a chur chun cinn agus suntas a thabhairt do shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht bhóthair.
Trí Mhais Chriticiúil na Gaillimhe, féachtar le rothaíocht i gcathair na Gaillimhe a cheiliúradh agus a chur chun cinn.
Bhí an chéad bhabhta den Mhais Chriticiúil ann ar an 1 Bealtaine 2010. Ó shin i leith, tháinig babhtaí rothaíochta Mhais Chriticiúil chun bheith ina n-ócáidí rialta i nGaillimh, agus bíonn siad ann de ghnáth thart ar mheán lae ar an gcéad Domhnach gach mí.

Tuilleadh eolais ag:
criticalmassgalway.wordpress.com
criticalmassgalway@gmail.com


This post is also available in: English