Menu Close

Kelly

Kelly Coate, Léachtóir, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

“Thosaigh mé ag dul chuig an obair ar rothar i Londain níos mó ná deich mbliana ó shin agus is beag lá nach raibh mé ar rothar ó shin i leith. Thángamar chun na Gaillimhe sa bhliain 2007 nuair a fuair mé mo phost reatha in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus níor thóg sé i bhfad orm a fháil amach gurb é an rothar an modh iompair is fearr sa chathair.

Cheannaíomar leantóir le go mbeinn in ann na leanaí a thabhairt ar scoil gach lá agus is iontach an rud é chun dul thar na gluaisteáin go léir atá ag iarraidh áiteanna páirceála a aimsiú. Úsáidimid é freisin chun turais a dhéanamh in aice leis an abhainn, in aice leis na canálacha agus in aice leis na tránna. Mholfainn do thuismitheoirí atá dubh dóite den chrá croí a bhaineann le gluaisteáin agus le carráistí leanaí triail a bhaint as an leantóir rothair ar mhaithe leis an tsaoirse, ar mhaithe leis an spraoi agus ar mhaithe leis an aer úr a fhaightear le linn é a úsáid!”


This post is also available in: English