Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe

Bunaíodh Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe sa bhliain 1998 chun iarracht a dhéanamh bóithre níos sábháilte a chruthú agus timpeallacht níos fearr a chruthú do rothaithe i ngach aoisghrúpa agus ag gach leibhéal oilteachta. Bhíomar bainteach le bunadh cyclist.ie, is é sin, grúpa náisiúnta stocaireachta rothaíochta na hÉireann, agus bímid rannpháirteach i réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n-airítear bileoga scileanna rothaíochta a ullmhú, ar bileoga iad a bhfuil ardmholadh faighte acu, agus tóraíocht taisce a mbíonn an-ráchairt orthu a eagrú do theaghlaigh. Chomh maith leis sin, bímid i mbun feachtais agus sinn ag iarraidh feabhas a chur ar na dálaí dlí agus bonneagair le haghaidh rothaithe agus coisithe agus chun cultúr rothaíochta na hÉireann a chothú.


This post is also available in: English