Seachtain an Rothair in Éirinn

Ón mbliain 2009, tá Tóraíocht Taisce Rothaíochta bhliantúil do Theaghlaigh á heagrú ag Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe mar chuid de Sheachtain an Rothair in Éirinn. Is deis í do leanaí agus do thuismitheoirí eolas a chur ar Ghaillimh ar a gcuid rothar agus tuilleadh eolais a fháil faoi shábháilteacht, scileanna agus cultúr na rothaíochta chomh maith le heolas a fháil ar conas is féidir cathracha a dhearadh ar shlí ina n-oireann siad níos fearr do rothaithe agus do choisithe.

Treasure Hunt

Image 1 of 4

Photography: Christopher Tierney | www.chrisdidthis.com


Roghnaítear na bealaí ar mhaithe lena sábháilteacht choibhneasta agus ar mhaithe lena radharcra álainn; tá cuid mhór den bhealach suite ar bhruacha abhainn na Gaillimhe. Bíonn cúntóirí cairdiúla deonacha ann chun maoirseacht a dhéanamh ar na cluichí agus ar na dúshláin spraíúla. Ag tús agus ag deireadh an chúrsa, bíonn sóláistí ar fáil chomh maith le cothabháil rothar agus duaiseanna éagsúla.

D’éirigh go han-mhaith leis na tóraíochtaí taisce a bhí ann go dtí seo. Táimid ag tnúth go mór leis an gcéad cheann eile cheana féin agus beidh sé ar siúl thart ar mhí an Mheithimh 2011. Má tá fonn ort bheith i do chúntóir deonach lena linn déan teagmháil linn le do thoil!


This post is also available in: English